
Conas do Hullachan a chaitheamh
Caitheann beagnach gach barr-rinceoir Éireannach an t-Hullachan anois. Seo é an dóigh cheart do bhróga Hullachan nua a cheangal agus an dóigh le aire a thabhairt dóibh.Nuair a fhaigheann tú do Bhróga Hullachan, cuimhnigh air seo:
An bhfuil na bróga rómhór?
An bhfuil na bróga teann ar an bhfad nó an bhfuil siad compordach?
An bhfuil na bróga róleathan?
Bain díot do bhróga, le do thoil, agus pointeáil do ladhracha. Má tá tú ag cuachadh do ladhracha, sin an teicníc mhícheart agus beidh spás san áit a bhfuil na ladhracha ann. Coinnigh do ladhracha díreach i gcónaí nuair a phointeálann tú mar neartaíonn sin trácht na coise agus síneann sé na teannán.
Ar deireadh thiar bíodh cuimhne agat nach féidir linn a bheith cinnte cé chomh maith is a luíonn na bróga leat mar ní bhíonn muid anseo nuair a fhaigheann tú iad. Mar sin bunaítear meastachán an tástála ar phromhadh agus earráid. De ghnáth bíonn muid i gceart ach leis an oiread d'athróga tástála bíonn ar an rinceoir beartú agus beidh sé ar an rinceoir an cinneadh deireanach a dhéanamh an gceannóidh sé nó sí na bróga. Tá na bróga seo déanta as leathar bog agus déanfaidh siad de réir chruth do chos nuair a chaitear ar feadh tamaillín iad. Ach sin ráite againn bíonn ionchur ón a rinceoir de dhíth orainn le fáil amach an luíonn an bhróg leat ó thosach nuair a fhaigheann sé nó sí í. Ar ndóigh bheadh muid sách sásta mala rtú a dhéanamh ar bhróga nár caitheadh nó ar bhróga a bhfuil caoi inathdhíolta orthu. Muna luíonn na bróga leat agus má chaith tú iad, is é an chéad rud a dhéanamh ná iad a thairiscint do bhaill do ranga agus ansin iad a athordú uaim.
Lásáil
- Lásáil go normálta suas go dtí an fhoireann dheireanach de phoill nó de lúba.
- Crosáil na hiallacha.
- Lásáil ceann na héille tríd an dara fhoireann de phoill ón taobh istigh.
- Tóg an iall tríd an gcúl-lúb.
- Tarraing an tsáil in airde ar an gcos leis na hiallacha.
- Lásáil tríd an gcéad fhoireann de phoill anois.
- Tarraing an iall bhreise ó thosach na coise tríd na poill.
- Ceangail sa tosach agus ansin gear nó fill isteach.
Tarraing an tsáil in airde go teann i gcónaí nuair a bhíonn d'iallacha tríd an gcúl-lúb agus ansin tarraing na taobhanna in airde nuair a lásáltar na taobhphoill.
Stopfaidh sé seo tochailt na bróige isteach i do theannán Aichill agus laghdóigh sé damáiste thar thrácht na coise. Breathnaigh ar an bhfíseán teagascóireachta anois.
Íoslódáil shaor in aisce riachtanach.
Tá muinín ag rinceoirí asainn le sláinte a gcos le níos mó ná deich mbliana agus leanann muid de bheith ag seasamh leis an muinín sin agus de bheith ag cur measa ann. Tá stíleáil speisialta Hullachan ar leithligh sa domhan rince.
Iarchúram
Tá 125 míle faireog allais ag an gcos agus is féidir leis sin leathlítear allais a dhéanamh nuair a chaitheann tú do bhróga ag comórtas. Tá sé sin nadúrtha ach beidh an bhróg fliuch fós agus mar sin déanfaidh síorfhliuchadh na bróige agus triomú na bróige ina dhiaidh sin damáiste ar an mbróg í féin. Beidh cineál éigin de chóireáil iarchúraim de dhíth ar do Hullachan. Ná cuir do bhróga i leataobh tar éis comórtais choíche agus tú ag fanacht go dtí do chéad chomórtas eile chun iad a fheiceáil arís. Beidh ort na bróga a aerial agus a thriomú idir amanna a n-úsáide.
Triomú na mbróg i ndiaidh úsáide:
Bí cinnte go bhfuil na bróga tirim sula gcóireálann tú do bhróga. Croch na bróga in áit the ach ná cuir os cionn teas díreach mar radaitheoir iad.Glanadh an leathair:
Úsáid uachtar bróige chun an leathar a chothú uair sa tseachtain.An fhuáil:
Cóireáil an fhuáil le céir bheach uair sa tseachtain. Cuir coirnéal maide céir bheach thar an bhfuáil atá i dteagmháil leis an talamh. Fuáltar agus gliúáltar páirteanna na mbróg sa dóigh go ngreamóidh an pháirt leis an gcuid uachtarach má ídítear an fhuáil.Pillíní Sáile agus Pillíní Boinn Istigh:
Tá na pillíní marthanach ach i ndiaidh caitheamh fada agus b'fhéidir iomarcach, seans go scoiltfidh na pillíní sáile tosaigh. Má tharlaíonn sin laistigh de shé mhí, seol cóip de d'admháil chugam agus seolfaidh mé pillín nó pillíní in ionad na gceann caite chugat. Beidh ar ghréasaí nó ar oibrí ceirde inniúil na seanphillíní a bhaint den bhróg agus na pillíní nua a athghliúáil isteach. Ná húsáid tairgí sárghliú mar leáfaidh siad seo na pillíní.
PILLÍNÍ SÁILE: Níl pillín sáile de dhíth ort le bheith ag rince. Níl siad ann ach ar son compoird. Baineann rinceoirí éigin amach iad mar rogha. Sin é an fáth nach ngliúálann muid na pillíní seo go trom sa bhróg. Gliúáltar go héadtrom iad agus seans go scaoilfear iad i ndiaidh ama. Má tharlaíonn sin, níl ort ach iad seo a ghliúáil ar ais le greamachán teagmhála do rubar. Úsáideann muid gliú Bostix sa Ríocht Aontaithe ach bíonn cineálacha éagsúla gliú ar fáil i dtíortha eile. Léigh an lipéad. Cibé gliú a úsáideann tú, ná húsáid gliúanna den chineál sárghliú. Is féidir leo sin na pillíní a leá. Má tá pillín athsholáthair de dhíth ort, seol ríomhphost chugam, le do thoil.
Comhairle don chaitheamh is fearr:
Is é an smaoineamh is fearr ná dhá phéire bróg a chaitheamh mar is féidir leat sealaíocht a dhéanamh idir na bróga. Bainfidh tú níos ama as na bróga má dhéanann tú seo.
Cé chomh fada is a mhaireann na bróga?
Lig dom dhá chomparáid a thabhairt duit. Braitheann reathaí go mairfidh péire bróg reatha 200 go 300 míle. Is ionann sin is thart fá choicís nó trí seachtainí. I ndiaidh an ama sin tá cuma na mbróg ceart go leor ach níl an tacaíocht ann. Is féidir le cailín baile péire bróg Pointe a ídiú go hiomlán i léiriú amháin. Níl difear sna bróga Hullachan, ag brath ar an léibhéal ina mbíonn ag rince. Is féidir le núíosach thart fá shé mhí a fháil ó bhróga de réir fhás an rinceora. Seans maith go n-ídeoidh rinceoir ag léibhéal craoibhe bróga trí huaire sa bhliain. I ndiaidh bliana seans go mbeidh cuma cheart ar do bhróga ach beidh an tacaíocht ídithe agus beidh an leathar róshínithe. Cé nach ndéanann mud bróga as leathar a róshíneann, tá an t-ábhar orgánach mar sin féin agus mar sin is féidir leis briseadh síos le baictéair ó allas na coise.
Deisiúcháin:
Seans go mbeidh ar rinceoir páirteanna de bhróg chaite. Má tá tú ag úsáid gliú, ná húsáid gliúanna den chineál sárghliú. Ná húsáid ach taos greamaitheach teagmhála, á chur ar an mbróg agus ag fanacht go dtí go bhfuil an gliú beagnach tirim agus ansin ag ceangal an leathair le chéile.
To reiterate: Craig Coussins is the only legal owner of Hullachan and that he, along with his mother and father was instrumental in designing and creating the original Hullachan Red Stitch Highland Dance Shoe at Glasgow Dancewear in 1970. No one else has been involved since then either through marriage or descendancy. The only legal and living claimant to this is Craig Coussins. Other claimants to that design lineage are false.
Hullachan Pro. is also protected as a trademark in many countries including Canada, America, Europe, including the Republic of Ireland and the United Kingdom, Australasia, throughout Asia and many countries where Hullachan does business. Craig Coussins also has Legal Insurance designed to protect and safeguard his trademark property. No unauthorised commercial or non commercial use of the name is allowed without permission by the trademark owner.
