Caitheann beagnach gach barr-rinceoir Éireannach an t-Hullachan anois. Seo é an dóigh cheart do bhróga Hullachan nua a cheangal agus an dóigh le aire a thabhairt dóibh.
Nuair a fhaigheann tú do Bhróga Hullachan, cuimhnigh air seo:
An bhfuil na bróga rómhór?
An bhfuil na bróga teann ar an bhfad nó an bhfuil siad compordach?
An bhfuil na bróga róleathan?
Bain díot do bhróga, le do thoil, agus pointeáil do ladhracha. Má tá tú ag cuachadh do ladhracha, sin an teicníc mhícheart agus beidh spás san áit a bhfuil na ladhracha ann. Coinnigh do ladhracha díreach i gcónaí nuair a phointeálann tú mar neartaíonn sin trácht na coise agus síneann sé na teannán.
Ar deireadh thiar bíodh cuimhne agat nach féidir linn a bheith cinnte cé chomh maith is a luíonn na bróga leat mar ní bhíonn muid anseo nuair a fhaigheann tú iad. Mar sin bunaítear meastachán an tástála ar phromhadh agus earráid. De ghnáth bíonn muid i gceart ach leis an oiread d’athróga tástála bíonn ar an rinceoir beartú agus beidh sé ar an rinceoir an cinneadh deireanach a dhéanamh an gceannóidh sé nó sí na bróga. Tá na bróga seo déanta as leathar bog agus déanfaidh siad de réir chruth do chos nuair a chaitear ar feadh tamaillín iad. Ach sin ráite againn bíonn ionchur ón a rinceoir de dhíth orainn le fáil amach an luíonn an bhróg leat ó thosach nuair a fhaigheann sé nó sí í. Ar ndóigh bheadh muid sách sásta mala rtú a dhéanamh ar bhróga nár caitheadh nó ar bhróga a bhfuil caoi inathdhíolta orthu. Muna luíonn na bróga leat agus má chaith tú iad, is é an chéad rud a dhéanamh ná iad a thairiscint do bhaill do ranga agus ansin iad a athordú uaim.
Lásáil
Lásáil go normálta suas go dtí an fhoireann dheireanach de phoill nó de lúba.
Crosáil na hiallacha.
Lásáil ceann na héille tríd an dara fhoireann de phoill ón taobh istigh.
Tóg an iall tríd an gcúl-lúb.
Tarraing an tsáil in airde ar an gcos leis na hiallacha.
Lásáil tríd an gcéad fhoireann de phoill anois.
Tarraing an iall bhreise ó thosach na coise tríd na poill.
Ceangail sa tosach agus ansin gear nó fill isteach.
Tarraing an tsáil in airde go teann i gcónaí nuair a bhíonn d’iallacha tríd an gcúl-lúb agus ansin tarraing na taobhanna in airde nuair a lásáltar na taobhphoill.
Stopfaidh sé seo tochailt na bróige isteach i do theannán Aichill agus laghdóigh sé damáiste thar thrácht na coise.
Breathnaigh ar an bhfíseán teagascóireachta anois.
Íoslódáil shaor in aisce riachtanach.
Tá muinín ag rinceoirí asainn le sláinte a gcos le níos mó ná deich mbliana agus leanann muid de bheith ag seasamh leis an muinín sin agus de bheith ag cur measa ann. Tá stíleáil speisialta Hullachan ar leithligh sa domhan rince.
Iarchúram
Tá 125 míle faireog allais ag an gcos agus is féidir leis sin leathlítear allais a dhéanamh nuair a chaitheann tú do bhróga ag comórtas. Tá sé sin nadúrtha ach beidh an bhróg fliuch fós agus mar sin déanfaidh síorfhliuchadh na bróige agus triomú na bróige ina dhiaidh sin damáiste ar an mbróg í féin. Beidh cineál éigin de chóireáil iarchúraim de dhíth ar do Hullachan. Ná cuir do bhróga i leataobh tar éis comórtais choíche agus tú ag fanacht go dtí do chéad chomórtas eile chun iad a fheiceáil arís. Beidh ort na bróga a aerial agus a thriomú idir amanna a n-úsáide.
Triomú na mbróg i ndiaidh úsáide:
Bí cinnte go bhfuil na bróga tirim sula gcóireálann tú do bhróga. Croch na bróga in áit the ach ná cuir os cionn teas díreach mar radaitheoir iad.
Glanadh an leathair:
Úsáid uachtar bróige chun an leathar a chothú uair sa tseachtain.
An fhuáil:
Cóireáil an fhuáil le céir bheach uair sa tseachtain. Cuir coirnéal maide céir bheach thar an bhfuáil atá i dteagmháil leis an talamh. Fuáltar agus gliúáltar páirteanna na mbróg sa dóigh go ngreamóidh an pháirt leis an gcuid uachtarach má ídítear an fhuáil.
Pillíní Sáile agus Pillíní Boinn Istigh:
Tá na pillíní marthanach ach i ndiaidh caitheamh fada agus b’fhéidir iomarcach, seans go scoiltfidh na pillíní sáile tosaigh. Má tharlaíonn sin laistigh de shé mhí, seol cóip de d’admháil chugam agus seolfaidh mé pillín nó pillíní in ionad na gceann caite chugat. Beidh ar ghréasaí nó ar oibrí ceirde inniúil na seanphillíní a bhaint den bhróg agus na pillíní nua a athghliúáil isteach. Ná húsáid tairgí sárghliú mar leáfaidh siad seo na pillíní.
PILLÍNÍ SÁILE: Níl pillín sáile de dhíth ort le bheith ag rince. Níl siad ann ach ar son compoird. Baineann rinceoirí éigin amach iad mar rogha. Sin é an fáth nach ngliúálann muid na pillíní seo go trom sa bhróg. Gliúáltar go héadtrom iad agus seans go scaoilfear iad i ndiaidh ama. Má tharlaíonn sin, níl ort ach iad seo a ghliúáil ar ais le greamachán teagmhála do rubar. Úsáideann muid gliú Bostix sa Ríocht Aontaithe ach bíonn cineálacha éagsúla gliú ar fáil i dtíortha eile. Léigh an lipéad. Cibé gliú a úsáideann tú,
ná húsáid gliúanna den chineál sárghliú. Is féidir leo sin na pillíní a leá. Má tá pillín athsholáthair de dhíth ort, seol ríomhphost chugam, le do thoil.
Comhairle don chaitheamh is fearr:
Is é an smaoineamh is fearr ná dhá phéire bróg a chaitheamh mar is féidir leat sealaíocht a dhéanamh idir na bróga. Bainfidh tú níos ama as na bróga má dhéanann tú seo.
Cé chomh fada is a mhaireann na bróga?
Lig dom dhá chomparáid a thabhairt duit. Braitheann reathaí go mairfidh péire bróg reatha 200 go 300 míle. Is ionann sin is thart fá choicís nó trí seachtainí. I ndiaidh an ama sin tá cuma na mbróg ceart go leor ach níl an tacaíocht ann. Is féidir le cailín baile péire bróg Pointe a ídiú go hiomlán i léiriú amháin. Níl difear sna bróga Hullachan, ag brath ar an léibhéal ina mbíonn ag rince. Is féidir le núíosach thart fá shé mhí a fháil ó bhróga de réir fhás an rinceora. Seans maith go n-ídeoidh rinceoir ag léibhéal craoibhe bróga trí huaire sa bhliain. I ndiaidh bliana seans go mbeidh cuma cheart ar do bhróga ach beidh an tacaíocht ídithe agus beidh an leathar róshínithe. Cé nach ndéanann mud bróga as leathar a róshíneann, tá an t-ábhar orgánach mar sin féin agus mar sin is féidir leis briseadh síos le baictéair ó allas na coise.
Deisiúcháin:
Seans go mbeidh ar rinceoir páirteanna de bhróg chaite. Má tá tú ag úsáid gliú, ná húsáid gliúanna den chineál sárghliú. Ná húsáid ach taos greamaitheach teagmhála, á chur ar an mbróg agus ag fanacht go dtí go bhfuil an gliú beagnach tirim agus ansin ag ceangal an leathair le chéile.
Ag Ordú do Hullachan ó Hullachan Díreach
Buimpéis Éireannach Hullachan AP (HIAP)
Tá greimeanna cothromacha tríd an t-Hullachan AP. Tá na painéil thrácht coise neartaithe agus dobhriste (iarratas ar phaitinn curtha isteach). Leaisticeadh na taobhphainéil ar son tomhas níos teinne. Tá próifíl bharrógóir trácht cos nuadheartha agus sáil mhín déanta as ár leathar nua bog roinnt réamhshínithe ann.
Tá ladhar níos gairide ag cruth na ladhracha. Síneann sé seo thart ar áit na ladhracha (tús na bróige) nuair a cheanglaíonn tú iad agus nuair a tharraingíonn tú tús na bróige thart agus thar na ladhracha. Is ga do do ladhracha féin oibriú ar thús na bróige mar a rinneadh roimhe seo ach tá feabhas mór sa chruth anois.
Tugann an cruth nua pointe níos fearr don chos agus cuidíonn sé le cruth trácht na coise.
Nuair a tharraingíonn tú taobhanna trácht na coise in airde, déanann sé sin próifíl níos fearr.
Déanann mo dhearadh cuma fhíorshruthlíneach agus taispeánann sé do chos do buntáiste níos fearr.
Sála áille séimhe míne do thomhas foirfe.
Anois lenár dtaobhphainéil iontacha leaisticithe do thomhas níos fearr fós thar na sála.
Stopann tús paitinnithe gan ghreimeanna cuimilt idir ladhracha an rinceora.
AP Hullachan le greimeanna cothromacha tríd.
Ár bpróifíl thrácht coise nuadheartha.
Painéil trácht coise neartaithe agus dobhriste (iarratas ar phaitinn curtha isteach)
Déanta as ár leathar nua bog roinnt réamhshínithe. Mar is eol duit, bíonn buimpéisí Éireannacha i gcónaí dubh ach tá muid ag tabhairt cinn bhána isteach do bhaisteadh, don chéad chomaoin, agus do chailíní coimhdeachta. Is féidir dath dubh a chur orthu seo níos moille.
Sáil beagán níos ísle sa dóigh go mbeidh sé níos fusa a dhul in anairde ar an mbróg.
Leathair uachtaracha níos boige ar son tuilleadh compoird.
Déanamh iomlán níos éadroime chun strus ar na cosa a laghdú.
Deartha ar son úsáide i gcomórtais. Is féidir an HCJ a úsáid do chleachtadh ar ndóigh ach is do chomórtais is mó a dearadh é.
Bóna stuáilte thar chúl na bróige chun cuimilt ar an Aichill a laghdú.
Tá barr nua próifíl íseal ann a stopann lúbadh siar na ladhracha; lúbann brandaí a bhfuil a mbarra an-tiubh siar na ladhracha. Ar a uain ní chaithfear ar ais ar do sháil thú agus bróga lenár mbarr nua seo ort. Tá múinteoirí agus rinceoirí taobh thiar den núalaíocht seo. Mar gheall ar nach ndéantar as snáithínghloine é seo, is lú an seans go ndéanfar smidiríní den bharr nó den tsáil nó go mbrisfear iad i ngnáthshaol na bróige. Tugann an t-ábhar seo fuaim iontach don bhróg, fuaim a thaistealaíonn i bhfad.
Tá fuaim an bhairr beagnach mar chniog miotail – ach níl miotal ar bith sa tsáil ná sa bharr.
Déantar an barr agus an tsáil as ábhar nua de shnáithín lannach a bhfuil ard-dlúthán ann agus mar gheall air sin tá níos lú den ábhar ag teastáil chun cniog an-ghlórach a dhéanamh. Chuir muid triail air seo ar feadh bliana sular bheartaigh muid é a úsáid.
Tá fuaim an-ghlórach ag an tsáil nuair a chliceáltar í. Mhaolaigh mé an phróifíl chun do phointe teagmhála a fháil san ionad is fearr. Ní sáil bholgáin í mar ní shíneann an phróifíl thar leithead taobhanna na coda uachtaraí.
Cuid sholúbtha thrácht na coise. Ní chreidim i mboinn lán solúbtha nach bhfuil tacaíocht den na tráchtanna iontu. I ndiaidh thart fá 40 bliain de thaighde fuair mé amach gur féidir strus mór a chur ar thrácht na coise gan tacaíocht tráchta. Muna dtugann aon rud tacaíocht ón tsáil do thrácht na coise, is féidir damáiste mór a dhéanamh don chos. Mar sin de d’fhobair muid tacaíocht tráchta speisialta solúbtha a thugann solúbthacht duit gan damáiste.
Bonn trom svaeide a fhulaingíonn cnaí. Neamhchosúil le gnáthshála svaeide, tá ardchaighdeán bróige sna cinn seo, cáilíocht atá riachtanach chun tuilleadh compoird a thabhairt don rinceoir agus chun fleisc leanúnach a thabhairt don rinceoir chomh maith.
Bonn istigh stuáilte tríd agus tríd a thugann solúbthacht ach nach bhfuil tugtha d’intitim go tobann mar bróga eile le boinn sholúbtha svaeide.
Nuair a sheolann muid bróga, iniann muide péire de chodanna rince rubair taobh thiar den bharr chun an chuid sin a dhéanamh níos righne más fearr leis an rinceoir mar sin é. Tá sé seo ann do rinceoirí a bhriseann isteach a mbróga go tapaidh agus a bhfuil tuilleadh buanfais de dhíth orthu. Má úsáidtear é seo ní bhíonn sé chomh riachtanach téip dhuchta a thimfhilleadh thar na boinn chun stop a chur le sleamhnú ach is maith le rinceoirí éigin bonn atá sleamhain. Is féidir na rubair rince seo a bhaint den bhróg go furasta más mian leat. Ach mholfainn duit triail a bhaint astu ar dtús.
Small 2 to size 12UK (US 3 to 13)
XN
N
M
W
XW
•
•
Babaí Hullachan (HB)
Is mionbhróga foirfe cearta iad soe agus tá siad cruinn i ngach mionrud. Le tosach tá siad go léir dubh agus beidh siad ag teacht amach agus na dathanna uaine Kelly, ór, airgead agus bán orthu.
Is bróga ar son maisiúcháin iad seo agus tá siad go hiontach do bhailiú, do bhábóga, mar bhronntanais, mar shonóg chairr, agus le crochadh i seomra leapa an rinceora Éireannaigh. Is péire de mhionbhróga foirfe Hullachan do rince Éireannach ó Craig Coussins iad seo agus tá siad lámhdéanta agus lámhfhuaite. .
£13
€18
$26
€18
$30
P630
¥2900
inclusive of Worldwide Postage
Hullachan Bán
Déanann muid na bróga Hullachan i raon méid anois ón mbeag (10) go dtí an mór (3) agus is do cailíní coimhdeachta bainisí, don chéad chomaoin, agus d’imeachtaí speisialta iad. Is féidir leat an dath a athrú níos moille le paicéidí datha, dath dubh ina measc.
Glacann muid leis na cártaí creidmheasa seo:
MAESTRO, MASTERCARD, VISA agus AMERICAN EXPRESS
Dá mb’fhéidir, b’fhearr linn é dá n-ordófá i mBéarla mar níl ár ngréasaithe go léir líofa sa Ghaeilge.
Cairt Mhéideanna
Tabhair faoi deara nach n-oireann na méideanna seo do bhróga rince ó chomhlachtaí eile. Tá siad bunaithe ar thomhais choibhneasta nó ar an dóigh ar mian leis an rinceoir na bróga a thomhas. Más fearr tomhas níos teinne nó tomhas níos scaoilte, beidh méid eile i gceist ar ndóigh. Is iad seo na gnáth-fheistithe. Seans go mbeidh feistiú beagán níos mó ar mhéideanna fear. Is neasmhéideanna na méideanna go léir agus ní ach mar threoir atá siad anseo.
Measúnaigh do mhéid ón gcairt seo le do thoil
Méid beag 7 go dtí méid 9 RA ( UK ) (8 go 10 SAM / USA )
Costas poist ar fud an domhain iniata.
Hullachan
Orlaí
Méid sna SAM (USA)
CM
Méid Euro
10
6¼
11
16
30
10½
6½
11
16.5
30½
11
6¾
12
17
31
11½
7
12½
17.5
31½
12
7¼
13
18
32
12½
7⅜
13½
18.5
32½
13
7½
1
19
33
13½
7⅝
1-2
19.5
33½
1
7¾
1-2
20
34
1½
7⅝
2-3
20.5
34½
2
8⅛
2½-3
21
35
2½
8¼
3½-4
21.5
35½
3
8⅜
4-4½
22
36
3½
8½
4-5
22.5
36½
4
8⅝
5-6
23
37
4½
8¾
5½-6
23.5
37½
5
8⅞
6-7
24
38
5½
9
6½-7
24.5
38½
6
9⅛
7-8
25
39
6½
9¼
7½-8
25.5
39½
7
9½
8-9
26
40
7½
9⅝
8½-9
26.5
41
8
9⅞
9-10
27
42
8½
10⅛
9½-10
27.5
42½
9
10¼
10-11
28
43
9½
10½
10½-11½
28.5
44
10
10⅜
11½-12
29
45
10½
10½
12
29.5
45½
11
10⅝
13
30
46
11½
11
30.5
47
12
31
12½
31.5
13
32
I gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (EEC) amháin, tá cáin bhreisluacha (VAT) ann ó mhéid 6 suas. Taobh amuigh den Eoraip, níl cáin bhreisluacha (VAT) ann.
Tabhair faoi deara le do thoil gur neasmhéideanna na méideanna go léir agus beidh sé riachtanach go mbeidh a fhios agat an bhfuil do chos caol, meán, nó leathan agus beidh ort insint dom an maith leat tomhas teann nó tomhas compordach a bheith agat.
Fax: +44 141 626 6997
2 We are the original designers and creators of the famous Hullachan range of Irish and Scottish dance shoes.
Based in Scotland we are the 'International Central Distributors and manufacturers'
As the worlds top dancers know, Hullachan leads with innovation where others try to follow.
Dancers have trusted us with the health of their feet for over 10 years and we continue to uphold and respect that trust. The special Hullachan styling is unique in the dance world.
PreviousNext
3 We are the original designers and creators of the famous Hullachan range of Irish and Scottish dance shoes.
Based in Scotland we are the 'International Central Distributors and manufacturers'
As the worlds top dancers know, Hullachan leads with innovation where others try to follow.
Dancers have trusted us with the health of their feet for over 10 years and we continue to uphold and respect that trust. The special Hullachan styling is unique in the dance world.